Tá muid tar éis an Scriobh Leabhar a chriochnú! Chuaigh go leor leor obair isteach in sna leabhair seo agus tá muid fior-bhródúil astu. Bhi teideal againn ar nós Mé Féin, Na Bróga Draiochta agus Molly an Madra! Bhi siad thar a bheith suimúil agus rinne muid go leor dréachtú agus ath-dhréachtú chun go mbeadh siad foirfe! Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as iad a léamh :)
Comhgháirdeachais le Calym agus le Ella a bhuaigh Gradaim dá gcuid leabhair. Bhí siad íontach,beidh deis ag an bheirt acu dul chuig an Radisson i mí Meitheamh chun é seo a cheiliúradh lena tuismitheoirí!
Seachtain na Gaeilge Rang a 3 Christina
Bhain muid an-taitneamh as Seachtain na Gaeilge agus d'fhoghlaim muid chun 'Céili' a dhéanamh(damhasa),ghléas muid suas mar charachtair as leabhair a thaitnionn linn, rinne muid tráth na gceist agus ghlac muid páirt i gcomórtas Ealaine bunaite ar an Seanfhocal is fearr linn! Bhi muid fior ghnóthach ach bhain muid taitneamh as a bheith gléasta suas agus a bheith ag labhairt Gaeilge le chéile! :)
Coirm Gael-Linn
Ghlac Rang a 3 Christina agus Máire páirt sa Choirm Gael-Linn i mbliana. Fuair muid dhá ghradam don obair ar fad a chuir muid isteach ann. Chan muid amhráin ar nós Béan na mBó agus Beidh Aonach Amárach, shinn muid port ar an bhfreadóig agus ar an bhfidil ar nós Tá na Báid agus Seáinin ar a Rothar agus chomh maith le sin rinne muid damhsa gaelach! Tháinig neart tuismitheoiri chun muid a fheiceáil ar an stáitse agus i ndiadh an choirm bhi fear grinn ag déanamh cleasanna, bhi sé an-mhaith ar fad. Bhi muid an-sásta leis an choirm agus tá muid an-bhrodúil as an méid obair agus cleaachtadh a rinne muid dó:)
Subscribe to:
Posts (Atom)