Fáilte go dti suiomh idirliona Rang a 3 !!

Rang a 3 Christina
Tá muid an ghnóthach i mbliana leis an méid atá ar siúl againn. Is rang an-mhaith muid agus bíonn muid go deas le chéile an t-am at fad! I mbliana tá muid ag freastail ar ranganna snámh, damhsa gaelach agus fidil. Bíonn muid ag seinnt an feadóg sa rang agus tá go leor poirt ar eolas againn! Is maith linn corpoideachas, agus déanann muid Drámaíocht sa halla go minic!
Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as na griangraifeanna!

Turas go dtí Atlantaquaria 2009

Bhí lá an-deas ag Rang 3 nuair a d'imigh siad go dtí an Atlantaquaria i mBóthar na Trá. Dhí an turas mar chuid don tionscnamh Discover Primary Science. Bhí 57 páiste ar fad ann ó Rang 3 Máire agus Christina. Is áit álainn an Atlantaquaria agus bhí an-chuid rudaí le déanamh ann. Bhreathnaigh muid ar chrosóg mhara agus go leor rudaí eile. Bhí an-lá againn ar fad!

Operation Christmas Child 2009

Ghlac Rang 3 páirt i Operation Christmas Child arís i mbliana. Thug gach páiste sa rang bosca deas Nollag isteach lán le bronntanaisí beaga do na páistí bochta.

Babaró 2009


Chuaigh Rang 3 Máire agus Christina go dtí an Dubhlann le haghaidh dráma Babaró. Bhi an lá fuar agus fliuch ach bhí an dráma go maith. Bhí an halla lán le páistí G.M.A. agus páistí ó scoileanna eile.