Ghlac Rang a 3 Christina agus Máire páirt sa Choirm Gael-Linn i mbliana. Fuair muid dhá ghradam don obair ar fad a chuir muid isteach ann. Chan muid amhráin ar nós Béan na mBó agus Beidh Aonach Amárach, shinn muid port ar an bhfreadóig agus ar an bhfidil ar nós Tá na Báid agus Seáinin ar a Rothar agus chomh maith le sin rinne muid damhsa gaelach! Tháinig neart tuismitheoiri chun muid a fheiceáil ar an stáitse agus i ndiadh an choirm bhi fear grinn ag déanamh cleasanna, bhi sé an-mhaith ar fad. Bhi muid an-sásta leis an choirm agus tá muid an-bhrodúil as an méid obair agus cleaachtadh a rinne muid dó:)
Rang a 3 Christina Seachtain Eolaíochta
I rith an seachtain Eolaíocht chuaigh timpeall ag na hárd ranganna agus rinne siad taispeántais Eolaíochta dúinn in sna ranganna, bhí siad fíor shuimúil!
Tá muid tar éis go leor obair a chur isteach in san Discovery Primary Science Project chomh maith, rinne muid go leor tuairgnimh agus d'fhoghlaim muid go leor uaidh an tionscnamh seo! Féach ar na griangraifeanna go léir atá againn:)
Tá muid tar éis go leor obair a chur isteach in san Discovery Primary Science Project chomh maith, rinne muid go leor tuairgnimh agus d'fhoghlaim muid go leor uaidh an tionscnamh seo! Féach ar na griangraifeanna go léir atá againn:)
Bí Sábháilte ar an mBóthar! Rang a 3 Christina
Chuaigh muid ar siúlóid chun go mbeadh muid in ann na contúrtaí ar fad atá ar an mbóthar a aithint agus chun go mbeadh muid in ann teacht aníos le bealaí níos sábháilte chun siúl ar scoil! Bhí an-lá againn, chonaic muid go leor rudai contúrtach ar nós gloine briste ar an mbóthar! Bhí deis againn siúl ó chosán go cosán chun taispeáint don múinteoir agus na tuismitheoirí go bhfuil muid cúramach ar an mbóthar :)
Turas go dtí Atlantaquaria 2009
Bhí lá an-deas ag Rang 3 nuair a d'imigh siad go dtí an Atlantaquaria i mBóthar na Trá. Dhí an turas mar chuid don tionscnamh Discover Primary Science. Bhí 57 páiste ar fad ann ó Rang 3 Máire agus Christina. Is áit álainn an Atlantaquaria agus bhí an-chuid rudaí le déanamh ann. Bhreathnaigh muid ar chrosóg mhara agus go leor rudaí eile. Bhí an-lá againn ar fad!
Operation Christmas Child 2009
Ghlac Rang 3 páirt i Operation Christmas Child arís i mbliana. Thug gach páiste sa rang bosca deas Nollag isteach lán le bronntanaisí beaga do na páistí bochta.
Babaró 2009
Rang 3 (2008-2009)
Subscribe to:
Posts (Atom)

